Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 122

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 122

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 122
  3. XML “Talmhaí, Táilliúr agus Gréasaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    imthighthe gach oidhche agus culaith éadaigh le fear eile air is nach ndéanfadh sé faic. Maidin lá ar na mhárach bhí an bhean shiubhail ag imtheacht. Dubhairt bean a' tighe nach raibh aicí le tabhairt dí acht píosáin leathair.
    D'imthigh leis an mbean shiubhail gur bhuail sí isteach i dteach an táilliúra. Fuair sí lóisdín go maidin agus nuair a bhí sí a imtheacht ar maidin thug bean a' tighe píosáin fhlainnín dí. Bhuail sí bóthar agus an dá phíosa aicí nó go dtáinic sí isteach i dteach an talmhaidhe agus chuir bean a' tighe céad míle fáilte roimpí agus réidhtigh feóil agus fátaí dí. Ar maidin d'imthigh sé léithí agus bhain sí an baile amach. Bhí go maith go dtáinic an oidhche agus gur bhuail an triúr isteach. Shuidh an talmhaidhe i gcúinne in aice an dorais agus chuaidh an gréasaidhe agus an táilliúr síos chuig an teinidh. Is gearr gur réidhtigh an bhean óg béilidh. Thug sí feóil agus fataí do'n talmhaidhe. Thug sí píosa leathair do'n gréasaidhe agus rúinne éadaigh do'n táilliúr. Nuair a chonnaic an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán O Máille
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe