Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 126
- XML “An tAthair agus a Thriúr Mac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thug a aghaidh ar an mbaile aríst. Ní mórán a bhí siubhalta aige nuair a casadh fear bacach leis. Bhí dhá mhaide croise aige.
D'fhiafruigh sé do'n fear óg an dtiubharfadh sé go dtí teach é a bhí tamall síos an bóthar. Dubhairt sé go dtiubharfadh. "Leag uait an phaidrín atá id' phóca", adeir sé leis.
"Ní gheoghfainn é aríst", adeir an mac seo.
"Geobhfaidh tú é", adeir an fear bacach.
D'iomchar sé go dtí an teach sin é acht bhí muinntir an tighe ag rádh an pháidrín páirteach. Dubhairt sé leis é a iomchar go dtí an chéad teach eile acht bhí na daoine ag craitheadh uisce coisreacha sa teach sin.
D'iomchar sé go dtí an tríomhadh teach é agus dubhairt sé leis go raibh sé ceart anois. Chuaidh an bheirt acu ar ais aríst go dtí an áit ar fhág siad an paidrín.
Bhí an fear bacach ag siubhal chomh maith le aon fhear ariamh. An diabhal féin a bhí ann.- Faisnéiseoir
- Seán O Máille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe