Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)

Suíomh:
Camas, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 136

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0069, Leathanach 136

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Camus
  2. XML Leathanach 136
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Na daoine a bhí ann fadó bhí siad follán go maith acht má bhí féin bhí galar go leór ortha.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    siad an teanga sionnaigh leis. Níl mórán dena leigheasanna sin le fághail anois mar atá dochtúirí ann agus buidéil, acht má tá féin tá na sean-daoine a' ceapadh gur insna luibheanna atá an leigheas.
    Cléithín:- Tá daoine áithride ann atá in ann seo a leigheas. Tarrnuigheann siad amach na h-easnachai lena lámhaibh. Amanntai is le buidéal a ndeineann siad é.
    Dóigheadh:- Nuair a dóightear duine cuimlightear gallaoireach do'n áit a mbíonn dóighte. Má bhíonn dóigheadh mór ann cuirtear fios ar bhuidéal dóigheadh. Tá bean san áit atá in ann an buidéal seo a dhéanamh suas.
    Faithneochai:- Dá mbéadh seo ar dhuine d'imtheochadh sé leis go dtagadh sé go dtí cloch a mbeadh uisce uirrí. Chuirfeadh sé ar an bhfaithne é is leigheasfadh sé é.
    Sgoirbh:- Séard a dhéanfadh fear a mbeadh a leithéid air dul go dtí an cladach. Gheobhfadh sé billeóga beaga ann. Ghearrfadh sé iad agus chuirfeadh sé ag bruith iad. Annsin chuimleochadh sé do'n sgoirbh iad.
    Dathachai fiacal: Líonann cuid den a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nóirín Bean Uí Máille
    Inscne
    Baineann
    Aois
    67
    Seoladh
    Camas Uachtair, Co. na Gaillimhe