Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 143
- XML “Nóra Ní Chonchubhair Bháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Nóra Ní Chonchubhair Bháin
“Fadó thug mé grádh do chailín óg sa ngleann”
I
Fadó thug mé grádh do chailín óg sa ngleann,
Ag tarraisgint í fhághail le pósadh,
Acht sé mo léan géar is mo chrádh
Ní dhom-sa a bhí sí i ndán,
Acht do'n té údaidh ná labhramar fós air.
Thugas searc agus grádh do ghearrchaile óg sa n-áit
Mar is orm-sa a bhí an dithchéille
Is go bhfuil fhios ag an saoghal is ag an mbaile cuain a mbím,
Go leanfainn stór mo chroidhe dá bhféadfainn.
II
Agus nach mór mar a shíleanns mo shúil deóir
Is m'osna do Righ Mór mar gheall ort,
Acht go bhfuil fhios ag Rí na ndeór
Gur leig mé leat mo rún
Is gan mé acht go h-óg 'mo pháiste.
Tá mo dhoilgheas chroidhe chomh mór,
Is nach mairfidh mé mí beo
Is deamhan is misde liom gach sógh dá b'fhuide
Acht ní bheidh mé i dtigh Thomáis Mhóir
Ná sa teach is goire dhó
Is cuirim beannacht le aos óg an tsaoghail seo.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sinéad Uí Fhineachta
- Inscne
- Baineann