Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 145
- XML “Nóra Ní Chonchubhair Bháin”
- XML “Pisreogaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Nóra Ní Chonchubhair Bháin (ar lean)
“Fadó thug mé grádh do chailín óg sa ngleann”
(ar lean ón leathanach roimhe)Nach iomdha oidhche a chaith mé ar thaobh an chnuic úd thall,
Is gan fasgadh ar bith againn ann ná dídean,
Acht ag comhrádh le mo ghrádh, cé gur doiligh liom-sa a rádh,
An seanchas a bhí eadrainn a innseacht.
Acht a' bhfuil galra ar bith le fághail
Chomh chlaoidhte bocht le grádh
Cé go sgaipeann an bás go fánach daoine.
Ach céad glór do Rígh na nGrást
Ní hamhlaidh féin atá
Acht is gearr go mbeidh mo chleamhnas déanta.- 1.
Dá mbeadh duine sa teach amuigh deireannach agus tada éirghe dhó thiubhraidhe salann dó nuair a thiocfadh sé.
2.
Nuair a bhíonn laogh ag bó cuirtear ruadhóg dearg ar an iorball. Cuirtear coinneall lasta trí h-uaire timcheall na bó.
3. Dá mbeadh duine ag dul ar aonach agus bean ruadh a chasachtáil dó déarfaidís nach n-éireochadh an lá leis.
4.
Oidhche féile Mhártain nuair déantar íodhbairt cuirtear cuid de'n fhuil ar bhaithis an lín-tíghe.- Faisnéiseoir
- Sinéad Uí Fhineachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Trasna, Co. na Gaillimhe