Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)
- Suíomh:
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Meleachlán Mac Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tráigh Bhán
- XML Leathanach 335
- XML “An Bá”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)achrainn idir an dá dreamh. Sé an t-ainm a bhí ar mhinntir Doire Fhárta na Fíachaigh. Acht le sgéal geárr a dhéanamh de. Báthad dreábathaireacha Bhríghid Ní háille. Nuair a chuala Bríghid an sgéal sin thosuigh sí ag caoineadh chomh h-árd is a bhí ina cloigeann. Chruinnigh na chomhursanna thart ar Bhríghid agus d'innis sí an sgéal do chuile dhuien Do rinne Brighid amhrán dhóibh agus ba geárr ina dhiaid go ndheacha Bríghid go Americá. Tá Fhíos ag gach duine ar an mbaile an t-amhrán sin a rinne ó shoin. Seo cuid den amhrán a chum Bríghid.
I
Ar chuimhneach líbhse a chailiní an lá ar fhág mé an Tráigh Bhán
Ní bhfuair mé an té a chuir comhairle orm ná a dubhairt liom fanacht ann.
Acht glóire do Dia tá an t-sláinte agam is carad Rí na nGrást
Is cé bhí áit a rachas mé ní chasfhaidh mé go brát.
2
Tá cú indiaidh Patch is Tom agam is cú mór an na ndíaidh
Is an dreabáthairín eile Máirtín a báthadh fadó ariamh
Sé Michéal bocht ba mheasa liom na bhfacas(leanann ar an chéad leathanach eile)