Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)

Suíomh:
An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Meleachlán Mac Gairbhín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 398

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 398

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tráigh Bhán
  2. XML Leathanach 398
  3. XML “Arán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. BHiodh go leór sórt aráin aca fadó Bhiodh "Cáca Fataí, "Cáca Bacstaí" Cáca Min-Choirce, agus Cáca Cruithneacht. Do bhídís ag meilt choirce le bróite agus dheinidís (cáca) min coirce dhe agus annsin de Usáidtear bróidhte san áit seo i gcomnuidhe. Sé an chaoí a ndeinidís an "Cáca Bacstaí". Sgríobhann siad sé nó seacht dhe fhataí le sgrápor.
    Deintear anois freisin é, acht ní deintear é acht cabhar uair. Sé an chaoí a ndeinidís an cáca Fataí. Cuirfidís cúpla fataí síos ar an teine i gcaintín. Annsin nuair a beidís bruithte ghlanadh siad iad agus bhrúithidís iad le tóin muigín agus annsin chuiridís plúr ar an mias agus chuirfidís uisge is bainne ann agus bhidís dá chartadh agus cartaidís na fataí trid agus bruithidís é i mbácús. Sé an caoí a ndeinidís Cáca min- coirce. Ceannuighdís cúpla cloch min ar trost san siopa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
        1. arán (~2,063)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe