Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)
- Suíomh:
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Meleachlán Mac Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tráigh Bhán
- XML Leathanach 404
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéalta Crábhaidh
Nuair a bhí Árd DTighearna ag imtheacht ó na Iúdaigh fadó casadh fear dhó ar a bhealach agus é ag cur arbhair. Dubhairt Árd DTighearna leis an bfear da gcasfaidh na Iúdaigh air nuair a bheidís ag dul thart an bealach sin. Dá bfiafruigheadh siad dhó a bfacha sé é fhéin ag dul thart a rádh leó go ndeacha sé thart nuair a bhí sé ag cur an arbhair. Casadh na Iúdaigh leis an bfear agus d'fiafruigh siad dhó an bfacha sé Ard DTighearna ag dul thart. Dubhairt an fear leó go ndeacha sé thart nuair a bhí sé ag cur an arbhair.
Bhí na Iúdaigh ag dul ag casadh abhaile nuair a d'éirigh dearg daol agus cireógh (ciaróg) aníos as an talamh agus dubhairt siad leis na Iúdaigh gur indé a d'iimthigh sé thart. D'imthigh siad leó ag cuartúghadh Árd DTighearna agus níor éirigh leó greim á fhágail air. Deir Árd DTighearna gur cheart do gach duine nuair a d'fhéadfadh sé greim a fhágail uirrthi. Dubhairt na sean-dhaoine dhá marbhóchadh duine cireógh Dea Sathairn go mbeadh do chuid peachaighe maithe dhuit.
Áine Ní Chorraidhín
Tráigh Bhán
Litir Móir
Co na Gaillimhe- Bailitheoir
- Áine Ní Chorraidhín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe