Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)
- Suíomh:
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Meleachlán Mac Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tráigh Bhán
- XML Leathanach 425
- XML “Rudaí fé Leith”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Rudaí fé leithBíonn rudaí ag na daoine annseo agus seo iad. Cuireann said crois tuighe suas ar na rataí i nonóir do Naomh Bríghid gach bliadhain. Bíonn an teach lán le croseann nuair a bhíonn's go léor bliadhnta imithigh thart. Cuid eile de na daoine agus bíonn Páipéar mór crochta ar na rataí aca agus pictiúr do Naomh Pádhraic agus pictiúr de do mhaide Phádraic déannta as breibh.Nuair a thagann lá bealtaine cuireann na daoine stríoc le péann luaidhe ar fhaitíos go mbeadh na sídheógaí timcheall an tighe. Cuireann cuid eile de na daoine maide cruinn ar nós cos sluasaide. Bíonn an maide tuairim's cheithre croma ós chionn an dorais ar eagla go mbeadh tada corruighthe as an teach. Cuireann cuid eile slat caorthaine i dteach na mbeithidhigh ar fhaitíos go dtiubharfadh na sídheógaí an bainne uatha nó ar fhaitíos nach mbeadh aon im ar an mbainne.(leanann ar an chéad leathanach eile)