Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is díleachtaí Fáin me.Sean amhrán a cloistear go minic i gCorca Dhuibhne ach ní heólach dóibh cé hé an t-úghdar.
1
Ní do fhigheadóir ná do thailliúir a thugas grádh riamh
Ach do bhuachaill an bhrollaig gléigil sé ba mian liom im'aice
Is cuma liom cad deir aoinne ní hé mo chéad searc adeir dada
Má sí mo mháithrín tá na dhiaidh orm solas Dé nar cí a hanam.
Is díleachtaí fáin me gan mháthair gan athair,
Is d'á mbeadh mó rún i ndán dom ní airmheochainn a beith dealbh
Níl aoinne ar an saoghal so dheanfhadh eagcóir ar m'anam
Go mbeadh fonn air a' leas do dheanamh ná dul an aonchor sa Flaithis.
11
A Chaillig ná fág id dhiaidh me mar gheall ar bholacht ná ar talamh
Mar is gairid a bheadh port na móna ag baint bó duit lá Earraigh,
Mar go m'bhfearra duit cailín óg deas a bheith rómhat aige baile
Ná saidhbhreas chlár Fodhla is tú a bheith pósta le caillig.
Tá brón ar mo chroidhe se, tá chomh cíordubh le hairne
Is lionndubh ar an dtaobh thíos de fóiríor na fuil ag scáipeadh,
Tá mo ghrádh sa i ngleann éigint is téigheann dom i a mhealladh
Is mara bhfaghadhsa le bréagad í beidh mo laetheannta gairid.