Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí ocras thar bárr ar na fearaibh agus d'itheadar béile trom. Bhí an líon tighe ar bail-chrith mar cheapadar ó thosach gur púcaí iad, agus dheineadar gach iarracht ar iad a shásamh.
B'é toil Dé é go raibh lá-ar-na-mháireach breágh agus tháinig na fearaibh tighe abhaile. D'aithin fear an tighe ar an nóiméad gur máirnéalaig iad; agus labhair sé leó gan imshniomh. Theasbáineadar dhó an áit gur thángadar i dtír ar an Oileán uaigneach. Ag obair i long cogaidh a bhíodar dúbhradar agus chomh luath a's a bhí a dtéarma caithte acu níor dhein an captaoin ach iad a chur ar talamh an Innis Tuaiscirt.
Cheap sé ná féadfhaidís aon drapadóireacht a dhéanamh mar ar chloich shleamhain a chuir sé iad agus go bhfaighdís bás go tapaidh ar an bpaiste sin.
Tá "Leac na Máirnéalach" mar ainm ar an leic sin ó shoin in Innis Tuaiscirt.
Chuir na fearaibh ó'n Innis go Dúnchaoin iad ar an mín-tír. Ghluaiseadar na máirnéalaig leó agus tásc ná tuairisc ní fuarthas uatha na dhiaidh sin in innis Tuaisceart.- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Catháin
- Inscne
- Fireann