Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuir an Rí an cailín amach sa deire mar ní raibh aon dul as aige. D'imthigh sí féin is an chú go dtanghadar go dtí Caisleán breágh i gcom cnuic. D'oscail an chú an doras agus chuadar isteach. B'é an tig ba bhreághtha d'á bhfaca ingean an Rí ariamh. Do labhair an chú léi mar bhí a chroidhe 'á shlad ag an uaigneas.
"Cé cu bhfeárr leat mise a bheith im' chú sa ló agus im fhear ist oidhche nó a mhalairt."
"B'fheárr liom tú a bheith id' fhear ist oidhche," ar sise, "pé slighe a chuirfhead suas leat sa ló."
Níor thúisce sin ráidhte ná dhein prionnsa uasal do'n gcoin. D'innis sé dhí gurb draoidheacht a chuir a bhean (mháthair) air agus ná raibh aoinne chun an draoidheacht san a bhaint dó ach í féin.
"Foidhnig-se gach rud cruaidh, agus bhuadhairt a thiocfaidh treasna ort agus ná hinnis focal d'aoinne mar gheall ar ár saoghal," arsa an prionnsa. Fé cheann trí mbliadhna beidh an draoidheacht imthighthe domsa, muna nínnseann tú d'aoinne cionnus táim."
I gcionn bliadhna tháinig an chú agus an bheann abhaile go tig an rí. D'fhan an chú ag an ndoras go raibh an bhean imighthe isteach agus ansan d'imthig sé fé'n sliabh airís. Bhí an-áthas ar an rí nuair a chonnaic sé a inghean go sláinteamhail, greanta, órnáideach, agus í ag féachaint go sásta.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Catháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí