Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Saoghaluigheadh mac di i gchionn tamaill. Bhíodh na mná coimhdeachta ag iarraidh eolais a bhaint aisti mar gheall ar an gcoin, ach aon fhocal ní bhainfhidís aistí mar gheall ar an gcoin. Thuit a gcodhladh ar na mná, iad go léir ach inghean an rí. In am mairbh na hoidhche connaic sí chúiche treasna an tseomra strapaire mná. Rug sí ar an leanbh a bhí taobh istig do inghean an Rí. Thuit an tsúil as an leanbh, agus chaith sí an tsúil isteach go dtí'n mháthair, agus d'órdaigh dí gan focal a rádh fé'n méid sin a tharla. Nuair a dhúisig na mná coimhdeachta ní thabharfhadh an mháthair aon tuairisc dóibh ar an leanbh agus ní fheadradar cad a dhéanfhaidís. Tháinig an chú bhán ag triall uirthe nuair a bhí sí go maith, agus d'imthig sí in aonacht leis.
I gcionn bliadhna d'athnuadhadh a scéal ceadna agus tháinig an sidheóig agus d'fhuadaig sí an leanbh mar dhein sí cheana.
Thárla an rud ceadhna an treas bliain. Annsan tháinig fearg ar an rí agus d'fógair sé an inghean a dhóghadh i mbarraille tarraig muna neósfhadh sí a scéal dóibh.
Bhí gach nídh réidh agus annsan seadh a tháinig an scannradh ar inghean an rí. D'admhuigh sí gach rud, agus scéidh sí rúin a saoghail ar fad in aonfhacht leis an gcú bháin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Catháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí