Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Triúr dritheár a bhí i dteannta a chéile i dtig a's bhíodar beó bocht.
"Níl aon ghnó annso agamsa, baileóchad liom," ars an ceann óg.
D'imthig sé agus fuair sé lóisdín na hoidhche i dtig mór. D'éirig sé ar maidin agus chuaidh sé amach ar phort ag feachaint uaidh faid a radhairce. Chonnaic sé scuaine éan i mbéal na trágha agus rud éicin 'á tharrac ó chéile acu. Chuaidh sé síos. Seadh a bhí tubháille breágh acu. Bhain sé dóibh é. Cad a bheadh scríobhtha air an dtubháille ach go mbeadh a dhóithin bídh le fághail ag aoinne a leathfadh amach é.
Tháinig sé isteach sa tig. Leath sé amach an tubháile agus bhuail an-iongna bean an tighe nuair a chonnaic sí gach sórd bídh ag tuiteam ar an dtubháile nuair a leath sé amach é.
Bhuaile sé síos ar bhruach na trágha. Chonnaic sé árthach mór ag tarrac air adtuaidh. Shméid sé ar an árthach. Cuireadh bád amach agus tógadh isteach san árthach é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chéarna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí