Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 160
- XML “An Gadaí Óg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Tá an fear thiar istig i dtéadán agus a theanga curtha amach aige agus ní fheadar cad é an chúis atá aige orm." Chuimhnigh sí go maith gur marbh a bhí, agus b'seo siar í.
"O mo mhallacht ort, tá sé marbh agat," ars í le Seán trí h uaire.
"Ar m'fhocal duit nár chuireas lámh ná ladhar ann," arsa Seán.
"Ó tá sé marbh," ars í, "cad a dhéanfhad gan é anois?"
"Deanfhad-sa fear chómh maith dhuit," arsa Seán.
Cad adeireann tú ná gur luigheadar féin le chéile agus pósadh iad, agus b'sin é an deire a tháinig le Seán Bhaile na hAbha agus le na chuid bitheamhantuigheachta. Sin é anois agaibh é.- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Catháin
- Inscne
- Fireann