Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 204
- XML “An tSlat Draíochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an rí agus d'árduig an soitheach. Thóg sé amach an cailín. Thug sé an bhróg di agus bhí sí díreach oireamhnach di.
"Fan annsan go fóil," ar sí le mac an rí. Siúd amach go dtí'n ngollán í; bhuail í le na slat dhraoidheachta agus tháinig a culaith bhreágh eadaig agus an capall chúiche. Ghléasáil sí suas í féin agus siúd isteach 'on tig í agus an dá bhróig gloine uirthi. Ba d'óbair go gcaillfí a driféaracha le fearg agus le formad.
"Ní fheadfhaidh aoinne a rádh anois ná gur tú mo chailín," arsa mac an Rí agus d'árduig sé leis í. Pósadh iad, agus bhíodar ag maireachtaint go sásta.
Fé cheann bliana rugadh mac dóibh. Bhí mac an rí amuigh ag fiadhach le linn na h-aimsire. Tháinig a drifiúr críonna ar cuaird chúiche nuair a chuala sí í a bheith breóidhte. Nuair a saoghaluigheadh án mac níor dhein an drifiúr críonna ach breith air agus é a chaitheamh síos le drochad mór a bhí cómhgarach do'n áit. Cé a bheadh thíos ach a máthair agus ghabháil sí an babán ina haprún. Chothuig sí an leanbh le draoidheacht thíos fe'n ndroichead.
Tháinig mac an rí abhaile agus chuir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Cheárna
- Inscne
- Baineann