Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 260
- XML “Seán agus an Bás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear i mbaile áirithe uair agus Seán ab' ainm do. Bhí sé pósta agus saoghaluigheadh mac do. D'imthig Seán leis ar lorg duine a dhéanfhadh Cáirdeas Críost do'n leanbh.
Bhuail fear óg deagh-phearsanta go maith leis lá. Cheistig sé Seán agus d'innis Seán a scéal do.
"Ó déanfadsa dul i gCáirdeas Críost leis an leanbh," ars an scafaire.
"Cad is ainm duit?" arsa Seán.
"Mise Íosa Críost," ars an fear óg.
"Ó deineann tusa daoine bochta do dhaoine saidhbhre agus daoine saidhbhre do dhaoine bochta," arsa Seán. "Ní dhéanfá-sa an gnó in aonchor dom."
D'imthig Seán leis airís. Sa tsiubhal do bhuail stracaire d'fear gioblach leis agus a dhá órdóig coise amach trí na bhróga stolta.
"Seadh a Sheáin cad tá uait indiu?" ars an stracaire.
D'eachtraig Seán do agus dubhairt an fear eile go raghadh sé féin chun baistighe leis an leanbh.
"Cad is ainm duit?" arsa Seán.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Guithín
- Inscne
- Fireann