Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 268
- XML “Morainn na Foighne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ars é leis féin airís. Rug sé ar an dtuaigh agus bhain sé an ceann as an soitheach. D'eirig an bhean amach go mear. Chuir sí an fear ag triall ar chulaith manaig. Bheárr sí a ceann agus chuaidh sí isteach i mainistir, agus glacadh léi.
Dhein cailín na mbráithre rud éicin as an slighe agus is í Morain a daoradh san eagcóir. Cuireadh triail uirthe agus daoradh í chun í a dhóghadh istig i dteine tarraig.
Tugadh amach í agus bhíodar chun í a dhóghadh. D'feachadar timcheall agus seadh a bhí ná cóisde breágh dearg ag deanamh ortha agus an mháthair bhaistíghe istig ann.
"Ná cuir aon cheist orm anois a mháthair bhaistíghe," arsa Morainn. "Tá siad 'om dhaoradh annso ach is cuma liom."
Dubhairt an mháthair bhaistighe ná raibh aon mhilleán ar Mhorainn, agus scaoileadh saor í. D'árduig sí léi ar an gcóisde í a's cad a bhí ach a triúr leanbh istig sa chóisde aici. Bhí sceitimíní ar Mhorainn bocht. Thug an cóisde go dtí tig a fir féin í agus muna raibh áthas ar an rí í d'feiscint ní lá fós é.- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Guithín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí