Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)San imtheacht dó, do bhuail sean-shaighdiúir leis. D'fiafruig an sean-shaighdiúir do cá raibh a thriall. Dubhairt Dómhnall 'á fhreagairt ná raibh a fhios aige.
Dubhairt an sean-shaighdiúir leis gluaiseacht leis féin agus go raibh a fhios aige cá raghaidís. Dubhairt sé go raibh a leithéid seo do thig ann, agus go raibh púcaí 'á feiscint ann.
D'imthig an bheirt leó gur thángadar go dtí an dtig. Do leigeadh isteach iad. Cuir fear an tighe an glas ar an ndoras agus d'imthig sé leis. Dubhairt Dómhnall leis an sean-shaighdiúir dul síos i seómra agus muga leanna a thabhairt aníos chuige. Nuair a bhí an sean-shaighdiúir ag cromadh síos do labhair an colann gan cheann leis.
"Is liomsa é sin," ar seisean.
Seo suas an saighdiúir bocht agus é i ndeire na feide le scannradh. Chuaidh Domhnall síos.
"Is liomsa é sin," arsa an colann gan cheann.
"Má's leat," arsa Dómhnall go tighearnamhail, "ní leat an méid seo," agus do líon sé a mhuga. Bhuail sé suas agus d'óladar é. I gceann tamaill tháinig ceathrar(leanann ar an chéad leathanach eile)