Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 295
- XML “Galair a Bhíonn ar Dhaoine agus A Leigheas ón Seanshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(iii) Turas Chaitilíne a thabhairt i dTeampall Fionn Trágha.
An "Ruadh". Dheineadh mná-leighis "uisce an ruadh" ach is beag duine go bhfuil a fhios acu cionnus é a dhéanamh mar choimeádaidís an fios chúcha féin.
Faithíní - (i) Luigín uisce cloiche gan lorg.
(ii) Píosa muic-fheóla a chur i bhfolach i gan-fhios
(iii) Biorán a chur i bpoll claidhe cloiche agus gan a rádh le h-aoinne gur dheinis a leithéid.
Fail - (i) Sceit obann a bhaint as an nduine.
(ii) A rádh leis gur ghoid sé rud éicin ó dhuine éicin. m.sh. "Ghoidís máilín an tsalainn ó Máire Ní Bhriain" – ceann coitchianta.
(iii) Do dhá mhéir a chur id' cluasa, agus duine eile a thabhairt deoch uisce dhuit le linn an ama céadhna.Aguisín.
Leigheas eile ar an "Ruadh". Billeóga oidhneáin a bhíonn ag feachaint ar an bhfarraige a chur leis an mball tinn.
"Uisce an Ruadh" – Dheineadh na sean-mhná é seo le meascán do chloch gorm, cuirt, agus luibheanna agus rudaí eile a bheirbhiú agus ana leigheas iseadh í.