Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 341
- XML “An Goirtín Eornan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is buachaillín fíor óg me, go bhfóiridh orainn rí na nGrást
Thug searc do chailín óg deas i dtig an ósda le cómhrádh geárr,
Ní raibh caidhp uirthe ná clóca ná búclaí buidhe deanta as phrás,
Ach téip i gcluais a bróigín 'sí mo stór í go bhfaighid me bás.
2
Ach ní dod' ghoirtín eórnan a stóirín a thug me grádh,
Ná dod' chúpla cóifhrín do'n ór buidhe dá mbeidís lán;
Dod' chapaill ná dod' bhólacht go deó deó ní chuirfhinn trácht,
Ach blas dod' chúpla póigín is dóigh liom gur b'iad ab' fheárr.
3.
Is mórdha duit-se a éinín ag léimrig ó crann go crann,
Dá neosfainn brigh mo scéil duit do b'féidir go ndeanfá rún
Beir litir uaim fé shéala go dtí cúil craobhaig na bhfoltaibh bhfionn
Go bhfuil mo chroidhe d'á céasadh is nach féidir liom codhladh ciúin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Ceárna
- Inscne
- Fireann