Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (Ó Sheán Ó Súilleabháin a fuair scolaire scoile é seo. Tá sé timcheall trí fichid bliadhain)
--
1.
Tá réaltan leanbach go hárd leas-tuaidh,
Tá rós agus finneacht le fághail ina gruadh,
Tá a croidhe gan cealg agus í 'na suan,
Agus is binne guth a cinn ná an chláirseach mór.
2.
'Sí an réaltan leanbach do grádhas-sa ar dtúis,
Mar do thug mo chroidhe-se taithneamh di, thar mhná na Múmhan;
D'á mbeinn-se ins na creathaí-dúbha, agus an bás ós mo chionn,
A shiúirín ná tréig me agus éalaig liúm.
3.
Tá dlaoithe eile aici nár áirimhigheas fós,
Tá an chneas is deise 'ci ná an t-airgead beó
Tá beóla is binne aici ná an chuach nó lón
Ná ag éanlaith dá chruinne d'á gcuirim suim na nglór.
--
Tá a thuille annso ach theip orm é d'fághail.- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60