Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 348
- XML “An Féar Glas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Amhrán eile ó Eibhlís, Bean Uí Cheárna
--
Fuaireas féirín lá aonaig ó bhuachaill deas,
Is céad póg an lá na dhiaidh san, ó rogha na bhfear;
Míle léan ar an té adéarfadh ná gur tú mo shearc,
A bhuachaill néata is deise is aon áit, is go n-éalóchainn leat.
Tá féirín lem' chéad shearc im' phóicín thíos,
Is ar Éire ní thógfadh sé an brón dom chroidhe,
Nó go n éagfad is go ndéanfar dom cómhra crainn
Is na dhéidh sin go bhfásfhaidh féar glas tríom lár ainíos.
2.
Má's ag imtheacht duit beir mo bheannacht leat is go dtéighidh tú slán,
Mar níor imthighis nó gur mheallais an croidh[e] tá im' lár,
Níl airgead agam go leanfhainn tú, fiacha luing ná báid,
Tá an fharraige na tonntaibh eadtrainn is ní h eól dom' snámh.
3.
D'á mbeinn im' bhádóir is deas mar rámhfain[n](leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlís Bean Uí Cheárna
- Inscne
- Baineann