Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Leathanach 251
- XML “An Seanduine a Bhí ina Chónaí i gCillaruith”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)annsan an corp a thógaint amach agus é shíneadh ar an mbórd agus trí stiall de mhaide draighean a tharrac ar an gcorp agus go neireóchadh an bhean airíst agus go mbeadh sí cómh maith agus bhí sí riamh.
Níor thóg an fear aon cheann den taidhreamh agus bhí an taibhreamh céadna aige an tarna oidhche agus an tríomhadh oidche do thaidhreamh sé airíst é agus chuaidh sé go dtí an fothrarach ach nuair a bhí sé ag tabhairt an corp abhaile do bhuail an seanduine liath leis púcaí inaonfeacht leis agus bhaineadar an chómhra dho. Dfan an seanduine san tig sin i gCnoc a Bhróigín agus bhí sé ag dul go mór san aois.
Buaileadh breóidhte é agus cailleadh é agus oidhche an tóraimh chualaidh muinntir an tighe an ollagón agus an scréachaig taobh amuigh den dtig i rith na hoidhche go léir. Go minic na dhiaidh sin do chítí an seanduine liath na shuidhe cois na teine sa dtig sin, ar uair an mheadhon oidhche.- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Baile Beag, Co. Chiarraí