School: Ceanntrágha (Ventry)

Location:
Ceann Trá, Co. Kerry
Teacher:
Donncha Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 251

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 251

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Page 251
  3. XML “An Seanduine a Bhí ina Chónaí i gCillaruith”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    annsan an corp a thógaint amach agus é shíneadh ar an mbórd agus trí stiall de mhaide draighean a tharrac ar an gcorp agus go neireóchadh an bhean airíst agus go mbeadh sí cómh maith agus bhí sí riamh.
    Níor thóg an fear aon cheann den taidhreamh agus bhí an taibhreamh céadna aige an tarna oidhche agus an tríomhadh oidche do thaidhreamh sé airíst é agus chuaidh sé go dtí an fothrarach ach nuair a bhí sé ag tabhairt an corp abhaile do bhuail an seanduine liath leis púcaí inaonfeacht leis agus bhaineadar an chómhra dho. Dfan an seanduine san tig sin i gCnoc a Bhróigín agus bhí sé ag dul go mór san aois.
    Buaileadh breóidhte é agus cailleadh é agus oidhche an tóraimh chualaidh muinntir an tighe an ollagón agus an scréachaig taobh amuigh den dtig i rith na hoidhche go léir. Go minic na dhiaidh sin do chítí an seanduine liath na shuidhe cois na teine sa dtig sin, ar uair an mheadhon oidhche.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Dubháin
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    An Baile Beag, Co. Kerry