Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Leathanach 402
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí bean ann roinnt bliadhain ó shoin agus bhí sí pósta agus bhí muirear mór aici.”
Bhí bean ann roinnt bliadhain ó shoin agus bhí sí pósta agus bhí muirear mór aici. Luig Dia a lámh ar a fear nuair a bhíodar an óg agus bhí an bhean bhocht cráidhthe ag an saogal.
Bhí feirm mhór talman aici, agus alán bó ach n' fhéadfadh sí aon ím a dhéanamh as an mbainne, dá mbeadh sí ag gabhail air go deó. Bhí gach nídh tastáltha aici ach níorbh aon mhaith dhi é. Bhí sí ag dul i ndealbhas gach lá agus sa deire is an éigean a bhí sí ábalta ar an dthig a choiméad.
Tráthnóna lae Shain Sheáin tháinig seana bhean, críonna, caithte, isteach chúicí agus gearrchaile beag in éinfeacht léi. D'iarr sí deoch ar mhnaoi an tíghe, agus thug bean a' tighe muga bainne geir di. Do bhlais sí an bainne agus dúbhairt "níleann tu ag déanamh ime do'n mbainne seo, a bhean bhoicht." Dúbhairt bean an tíghe léi ná raibh, mar ná féadfadh sí é dhéanamh lé ceithre bliadhna anuas.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Beag, Co. Chiarraí