School: Ceanntrágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Page 402
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí bean ann roinnt bliadhain ó shoin agus bhí sí pósta agus bhí muirear mór aici.”
Bhí bean ann roinnt bliadhain ó shoin agus bhí sí pósta agus bhí muirear mór aici. Luig Dia a lámh ar a fear nuair a bhíodar an óg agus bhí an bhean bhocht cráidhthe ag an saogal.
Bhí feirm mhór talman aici, agus alán bó ach n' fhéadfadh sí aon ím a dhéanamh as an mbainne, dá mbeadh sí ag gabhail air go deó. Bhí gach nídh tastáltha aici ach níorbh aon mhaith dhi é. Bhí sí ag dul i ndealbhas gach lá agus sa deire is an éigean a bhí sí ábalta ar an dthig a choiméad.
Tráthnóna lae Shain Sheáin tháinig seana bhean, críonna, caithte, isteach chúicí agus gearrchaile beag in éinfeacht léi. D'iarr sí deoch ar mhnaoi an tíghe, agus thug bean a' tighe muga bainne geir di. Do bhlais sí an bainne agus dúbhairt "níleann tu ag déanamh ime do'n mbainne seo, a bhean bhoicht." Dúbhairt bean an tíghe léi ná raibh, mar ná féadfadh sí é dhéanamh lé ceithre bliadhna anuas.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubháin
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Baile Beag, Co. Kerry