School: Ceanntrágha (Ventry)

Location:
Ceann Trá, Co. Kerry
Teacher:
Donncha Ó Cúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 513

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 513

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Page 513
  3. XML “Scéal - Seán agus Máire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé ana bhocht, agus sé an ainm a bhí ar a bhean ná Máire. Aon lá amháin dhein sé suas a aigne chun dul go dtí an baile mór. Dúbhairt sé go dtabharfadh sé peidhre bróg go dtí Máire. Bhí an cat sa chúinne agus labhair sé agus dúbhairt sé an dtabharfadh sé aon peidhre bróg chuige féin. Thánaig crith cos is lámh ar an bhfear nuair a chualaidh sé an cat ag cainnt agus dúbhairt sé go dtabharfadh, bhí sin go maith agus ní raibh go h-olc. D'imigh sé go dtí an baile mór agus chuaidh sé isteach go dtí an siopa, agus d'innis sé an scéal do fhear an t-siopa mar gheall ar an gcat. Annsan thug an siopadóir mála mór leathair do chun an cat do chur isteach ann agus dubhairt sé leis a rádh leis an gcat dul isteach annsan, mar go gcíothfadh gach aon duine ag dul síos é. D'imigh an fear abhaile agus é go breágh sásta. Dúbhairt sé leis an gcat mar a dúbhairt an siopadóir leis. Maidin láir na mháreach d'éirigh an fear agus chuir sé an cat isteach sa mhála agus d'imigh sé leis go
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2412C: (The Cat Asks for Boots)
    Language
    Irish
    Collector
    Mairead De Lonndra
    Gender
    Female
    Address
    Cathair Boilg, Co. Kerry
    Informant
    Muiris De Lonndra
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    Cathair Boilg, Co. Kerry