Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)

Suíomh:
Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dll. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 741

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 741

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
  2. XML Leathanach 741
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    cé mharbhuigh iad. Nuair a dubhairt an bean gur bí an inghean ní chuir sé aon suim ann. An céad lá eile a d'imthig sé dhóigh sí a cuid fear go léir. Nuair a tháinig sé abhaile Dfiafruigh sé go feargach cé dhóigh an fear agus dubhairt an leas mháthair gur b'í a inghean. Dubhairt sí leis an Rí da luaighe a cuirfear as an dtig í is fearr dhuit féin é. Do thug an Rí an inghean leis go dtí an coill agus ceangail sé do crann í agus do strac sé na lámha di. Níor labhair sí focal go dtí go raibh sé imthighthe tamall. Annsan dubhairt sí "go dtéigh dealg id chois agus tá súil agam go bhfasaidh crann as agus ná bhainfidh aoinne as é go dtiocfair chugam-sa arís. D'imthig sé air agus chuaidh an dealg na cois. Do bhí sé ag iarraidh é a bhaint as acht ní raibh aon mhaith do ann. D'fhás an crann agus bhí sé ag fás go dtí go caitheadh an fuinneóg dosgail i slíghe is go raghadh an crann amach tríd. Do bhí an cailín ar an gcrann ar feadh trí lá agus trí oidhche. An triomhadh oidhche do chonnaich sí solas ag teacht tríd an gcoill. Do b'í a máthair caillte a bhí ann. Do sgaoil sí í agus do cuir sí na lámha uirthe airís cómh maith agus bhíodar riamh. Do seól a máthair annsan í go dtí tig feirmeóra agus do bhí sí annsan ar feadh lae agus bliadhain. D'imthig a máthair is ní fheacaidh sí riamh ó shoin í. Nuair a bhí bliadhain agus lá caithte do cas sí abhaile go dtí tig a h-athar. Do bhí áthas uirthe nuair a chonnaic sí conas a bhí a h-athair an dóigheadh sé an leas-máthair dá ndeanadh sí é leigheas. Do chuimhnig sé ar feadh tamaill agus nuair a connaic sé an feall a bhí déanta age féin is a bhean dubhairt sé go ndéanfadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0706: The Maiden Without Hands
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Maoleoin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    48
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí