School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
![The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 741](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0423%2FCBES_0423_741.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 741
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cé mharbhuigh iad. Nuair a dubhairt an bean gur bí an inghean ní chuir sé aon suim ann. An céad lá eile a d'imthig sé dhóigh sí a cuid fear go léir. Nuair a tháinig sé abhaile Dfiafruigh sé go feargach cé dhóigh an fear agus dubhairt an leas mháthair gur b'í a inghean. Dubhairt sí leis an Rí da luaighe a cuirfear as an dtig í is fearr dhuit féin é. Do thug an Rí an inghean leis go dtí an coill agus ceangail sé do crann í agus do strac sé na lámha di. Níor labhair sí focal go dtí go raibh sé imthighthe tamall. Annsan dubhairt sí "go dtéigh dealg id chois agus tá súil agam go bhfasaidh crann as agus ná bhainfidh aoinne as é go dtiocfair chugam-sa arís. D'imthig sé air agus chuaidh an dealg na cois. Do bhí sé ag iarraidh é a bhaint as acht ní raibh aon mhaith do ann. D'fhás an crann agus bhí sé ag fás go dtí go caitheadh an fuinneóg dosgail i slíghe is go raghadh an crann amach tríd. Do bhí an cailín ar an gcrann ar feadh trí lá agus trí oidhche. An triomhadh oidhche do chonnaich sí solas ag teacht tríd an gcoill. Do b'í a máthair caillte a bhí ann. Do sgaoil sí í agus do cuir sí na lámha uirthe airís cómh maith agus bhíodar riamh. Do seól a máthair annsan í go dtí tig feirmeóra agus do bhí sí annsan ar feadh lae agus bliadhain. D'imthig a máthair is ní fheacaidh sí riamh ó shoin í. Nuair a bhí bliadhain agus lá caithte do cas sí abhaile go dtí tig a h-athar. Do bhí áthas uirthe nuair a chonnaic sí conas a bhí a h-athair an dóigheadh sé an leas-máthair dá ndeanadh sí é leigheas. Do chuimhnig sé ar feadh tamaill agus nuair a connaic sé an feall a bhí déanta age féin is a bhean dubhairt sé go ndéanfadh(continues on next page)
- Informant
- Tomás Ó Maoleoin
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry