Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 780](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0423%2FCBES_0423_780.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 780
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Leathanach 780
- XML “Triúr Ban a Chuaigh 'un Mhuilinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaidh triúir ban mhuilleann lá, olann, bean gabha bean saor báíd agus bean sclábhuidhe. Bhíodar ag bruighean féachaint cé gheobhadh tosach a' mhuillinn. Ní raibh fhios ag ag [sic] fear a' mhuilleann cad a dheinfeadh sé leótha ach dubhairt sé leótha an té is fearr a bheadh rún (rhyme) eainnte aige gurb é a gheobhadh tosach a' mhuillinn.Dubhairt bean a ghabha
Ná chuala sí féin riamh aon cheól ba bhinne
Ná ceathrar gaibhne ag deanamh cruidhte
I lá buirtéin [bellowing] agus lámh gach duine
Agus iad ag bualadh buille ar bhuille.Dubhairt bean saor bháid
Ná chuala sí fhéin riamh aon cheól ba bhinne
Ná ceathrar saor ag déanamh luinge
I lá búirteín agus lámh gach duine
Agus iad agh bualadh buille ar bhuille.Dubhairt bean a' sclábhuidhe
Ná chuala sí fhéin riamh aon cheól ba bhinne
Ná ceathrar sclábhuighthe ag déanamh clainne
I lá búirteín agus lámh gach duine
Agus iad ag bualadh buille ar builleFuair sí sin tosach a' mhuillinn.- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Gairm bheatha
- Oibrí feirme (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Mhathamhnaigh, Co. Chiarraí