School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)

Location:
Baile an Ghóilín, Co. Kerry
Teacher:
Dll. Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 780

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 780

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
  2. XML Page 780
  3. XML “Triúr Ban a Chuaigh 'un Mhuilinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Chuaidh triúir ban mhuilleann lá, olann, bean gabha bean saor báíd agus bean sclábhuidhe. Bhíodar ag bruighean féachaint cé gheobhadh tosach a' mhuillinn. Ní raibh fhios ag ag [sic] fear a' mhuilleann cad a dheinfeadh sé leótha ach dubhairt sé leótha an té is fearr a bheadh rún (rhyme) eainnte aige gurb é a gheobhadh tosach a' mhuillinn.
    Dubhairt bean a ghabha
    Ná chuala sí féin riamh aon cheól ba bhinne
    Ná ceathrar gaibhne ag deanamh cruidhte
    I lá buirtéin [bellowing] agus lámh gach duine
    Agus iad ag bualadh buille ar bhuille.
    Dubhairt bean saor bháid
    Ná chuala sí fhéin riamh aon cheól ba bhinne
    Ná ceathrar saor ag déanamh luinge
    I lá búirteín agus lámh gach duine
    Agus iad agh bualadh buille ar bhuille.
    Dubhairt bean a' sclábhuidhe
    Ná chuala sí fhéin riamh aon cheól ba bhinne
    Ná ceathrar sclábhuighthe ag déanamh clainne
    I lá búirteín agus lámh gach duine
    Agus iad ag bualadh buille ar buille
    Fuair sí sin tosach a' mhuillinn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Dómhnall Ó Murchadha
    Gender
    Male
    Age
    40
    Occupation
    Oibrí feirme
    Address
    Baile an Mhathamhnaigh, Co. Kerry