Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. P. Ó hAragáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fuair duine ana-aosta bás amuigh sa Gaeltacht uair, Agus nuair a bhíoar á chúr, níor dheineadar ach cúpla scraithín a cuir mór-timcheall an cómhradh agus d'imthigh siad abhaile. An oidhche sin bhí rinnce mór ann. Nuair a bhí na buachaillí agus na cailíní ag teacht abhaile do connaicheadar coinín mór dubh agus teanga teine as. Do connaicheadar é gach oidhche as san amach. Bhí sgannradh ar na daoine idir beag agus mór. Ní raibh fios ag na sagairt cad a déanfaidís ach bhí seana-bhean sa bhaile a dúbhairt ná raibh an cómhradh curtha i gceart. An maidean 'na dhiaidh sin cuaidh an sagart agus na fir oibre sa baile amach agus déineadar uaigh agus cuireadar an cómhradh isteach ann. Ó'n lá san amach níor fheacha aoinne an coinín dubh.
- Bailitheoir
- Pádruigh Ó Murcadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Choill, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seósamh Ó Murcadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Choill, Co. Chiarraí