Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)

Suíomh:
An Cromán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Stiophán Ó Cobhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 049

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 049

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (B.)
  2. XML Leathanach 049
  3. XML “An Gobán Saor agus A Mhac”
  4. XML “Taoide Mhór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    de'n croiceann. Do choimeád sí an ola agus do thug sí an croiceann agus a luach dó.
    Annsan do chuaidh an buachaill abhaile agus d'innis sé an sgéal da athair.
    Dúbhairt a athair leis duil ar ais agus iarr ar an gcailín sin é do phósadh.
    Do dhein an mac amhlaidh agus do pósadh iad
    Pádraig ÓSéaghdha,
    Na Dúmhacha. IV Rang.
    Ó'm athair : Mícheál ÓSéaghdha
    Na Dúmhacha. 64bl
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Taoide Mór.
    Bhí taoide mór ann 17 bliadan ó shoin. Tháinig sé isteach i tig Eamon Ó Raghaille tá sé marbh anois. Do scuab sé fiche púnt uaid bhá a chliain in a theannta an oidhche sin leó agus a bhean. Bhí sé i n-a colad ins an leabig. Thuit a lám le cliatháin na leaba agus bhí an taoide cómh le béal leis an leabaigh. D'fanadar istigh ins an leabaig go dtí gur chuaidh an taoide amach. Thóg sé cruach móna ó Séamus Ó Raghaille. Do bhailig sé cuid deis agus chuaidh an cuid eile leis an taoide.
    Seamus Ó Raghaille. Rang VII. Cromán Íochtar.
    óm Shean Mháthair: Máire bean Pheadair Uí Raghaille, Cromán Iochtar. 80bl.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Raghaille
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Cromán Íochtarach, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Pheadair Uí Raghaille
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    An Cromán Íochtarach, Co. Chiarraí