Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Stiophán Ó Cobhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa t-seanna shaogal bí cat agus franncach sa tigh. Bhíodar ana mhuinntireach síbhéalta le na chéile. Tháinig lá aonaigOileán Ciarraighe, Dubhairt an cat leis an franncach go raghadh siad go dtí an t-aonach.
Dubhairt an franncach na h-eagalaibh an t-aonach go marbhófí é.
Dubhairt an cat ná baoghal dó. D'imthgheadar go dtí an t-aonach.
Chuadar isteach i bpublic house agus chuadhar i bhfolach ar daoine a bheith ag ól. Tháinig an cat go dtí an franncach i gcion tamaill agus thug sé leis cúll le faobhar é. Chuadar go dtí tobán Whiskey agus chuir an franncach poll isteach sa tobán agus do leig sé air bheith ag ól.
Ghlaoidh sé ar an gcat " tar anall agus ól braon lem chois" "Ní ólfaidh mé arsa an cat le heagla bheith ar meisce" "ól braoinín," arsa an franncach "i gcóir an bhótair agus chuirfidh sé misneach orainn " Scaip an t-áonach agus thughadar f'én mbóthar abhaile i gcionn tamall den bhóthar bhí an cat ar meisce go dtí go chuadar i naice an tighe. "Táimse ar meisce" arsa an cat, "agus sé an áit go gcodlaidh mé ná i naice na teine i gcataoir agus tuitfhidh mé sa teine is dóighfhidh mé" " Tógfadh-sa amach thú" arsa an frannchach "má thuiteann tú". Má thughadh scribhthe fém laimh ná chuir isteach orm féin ná mo shliocht" "All right" arsa an cat. Chuadar isteach abhaile.
Am éigin san oidhche thuit an cat sa teine agus d'fág an franncach ann é go dóigheadh é. Thóg se amach an cat as an dteine agus bhí an cat go breóite in dhiadh a spree, agus dhein na franncaig óga agus na franncaigh críona reaic ar fúid a tighe. Bhriseadar cupaí agus sásair agus bhí muinntir an tighe trú agus fró agus " tá mo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruig F. Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Miceál Ó Teacáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí