Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)

Suíomh:
An Cromán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Stiophán Ó Cobhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 144

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 144

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (B.)
  2. XML Leathanach 144
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgeúl.
    Do bhí fear agus a mhach ag súibal an bóthar lá. Do chonnacadar crú capall ar an mbóthar agus dúbhairt an t-atair leis an mach an crú do thógaint suas, agus dúbhairt an mach na raibh aon mhaith ann.
    Do chrom an t-athair síos agus do thóg sé suas agus do chuir sé in a phóca é.
    Do súibhaladar go sráid baile, agus chuadar isteach i gceardcann agus do dhíol sé an crú ar dhá phinginn. Annsan do chuadar síos an sráid agus do chuaidh isteach i siopa agus cheannuig sé siúcre agus té i gcóir an tighe.
    Do chonnaich sé bean ar thaobh an sráid agus bhí siríní aici.
    Do cheannuig sé luach dhá phinginn de sna siríní.
    Nuair a bhíodar ag teacht abhaile bhí an t-athair ag ithte iad agus do bhí an mhach ag féacaint air.
    Do bhí tuirse ar an mach agus d'fhan sé siar agus do leig an t-athair na siríní tuitimh ar an dtalamh.
    Do chrom an mhach síos agus thóg sé suas iad agus d'ith sé iad.
    Bhíodar mar sin go dtángadar abhaile.
    Dúbhairt an t-athair má thóg sé suas an crú ná bheadh le déanamh aige ach chrom síos uair amháin.
    Gearóid Seóghdha. Rang a VII.
    15 adh lá Mí na Nodlag 1938.
    Fuaireas é seo ó
    Pádruig ó Carúna,
    Tullach Uachtar,
    Cill-orglan 76 bl
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gearóid Seóghdha
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Carúna
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Seoladh
    An Tulaigh Bheag, Co. Chiarraí