Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)

Suíomh:
An Cromán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Stiophán Ó Cobhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 151

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 151

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromán (B.)
  2. XML Leathanach 151
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhi dileachtaí ann fadó.
    Fuair a mháthar bás agus é ana-óg.
    Phós a athair arís.
    Bhí leas máthar aige ansan.
    Bhí sé ana deineadh sí císte beag gach lá dó.
    Cuireadh sí cloch tanaidhe isteach 'sa chíste.
    Nuair a bhiodh sé chun a shuipéar d'itne, bhíodh a athair ann agus 'sé deireadh sé.
    "Dá mbeadh mo chosa nighthe agus mo licín ithte agus mé 'sa trúsa" adeireadh sé.
    Ní raibh fhios ag a athair aon nídh mar gheall ar an gcíste, agus níor thuig sé an leanbh, mar gheall ar an licín.
    Bhí bliain caithte agus lá dar chuaidh sí abhaile.
    Bhi abhann mór ann agus bhí comhngar mór ann.
    Thóg sí an comhngar agus badhadh san abainn í.
    'Sé deireadh an díleachtaí.
    "Blian is lá amáireach dar bádhadh mo leas mháthar".
    "Á suibhleochadh sí timcheall, bheidh sí 'sa baile fadó.
    Caomhán Ó Ealuighthe, 11adh lá Eanair, 1939. Rang a V.
    Fuaireas é seo ó'm m'uncal,
    Taidhg Mac Lochlainn.
    Cromán Uachtar, 65 bl.
    Nóta:- Rugadh an buachaill seo i gCrydon South Australia, on 26th April 1926. Cailleadh a athair agus a mhathair agus tógadh go h-Eirinn é i Mí na Bealtaine 1935. Tá sé ag teacht ar scoil anseo ó 6/6/1935. Tá sé féin, agus a dhreifiúr Betty, níos óige na é, fé chomairce,
    Taidhg Mhac Loclainn.
    i gCromán Uach. ó shoin.
    Aintín dó, iseadh bean Thadhg.
    Stiophan ÓCobhthaigh,
    Priomh Oide, Scoil na mB. Cromán,
    12/1/1939.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caomhán Ó Ealuighthe
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Taidhg Mac Lochlainn
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    An Cromán Uachtarach, Co. Chiarraí