Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)

Suíomh:
Na Tulacha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 181

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 181

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulca
  2. XML Leathanach 181
  3. XML “Teampall Fiachna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Uair amháin thóg saighdíúir rolla dhíobh acht nuair a shrois sé "Droichead Bán". Dhá mhíle ón áit ina raibh na Rollaí casadh sprid air. Bhí an saighdiúir ar marcaidheacht acht pé mealladh do dhein sé chun an capall do chur thar an droichead ní raghadh an capall níos sia agus annsan do fhill an saigh[diúir] go dtí an teampall, d'fhág sé an rolla ar an gcarraig agus chuaidh sé abhaile slán.
    D'airigheas leis gur ionntuigh an sagart (Fiachna) an bhean a bhí ag goid ina cloich agus i dtalamh Sheáin Méaburí tá cloch i bhfuirm mná. I gciseán bhí an t-ím aice agus buaircín mar muiciris ar an gciseán. D'fhás crann sceiche i bhfuirm mná as an mbuaircín agus tá sé in aice na cloiche leis. Bhíodh pátrún ag teampall Fhiachna gach 15adh Lughnasa fadó. Agus nuair théidheadh daoine ann chun turais do thabhairt fágadaois rudaí beaga (bioráin, cnaipí, cirteacha, lasáin, paidiríní) ins na scoilteannaibh i mbeann an teampaill - áit na haltóra.
    Tá sé ráidhte gurbh é sin an sagart a léim ó bharr na Léime go Beanntraighe.
    (Ó Phadraig Ó Súilleabháin, Milíní, Bunán)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    null
    Inscne
    Fireann