Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 189
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)5. Sálbhrúth:- Gearrtaí scraith fé chrúb na bó. Cuirtí ar an gclaidhe é go dtiormuigheadh sé.6. Clár go mbíonn corp leogtha amach air - is gnáthach nuair a bhíonn an corp ghá thógaint chun cur sa chómhrainn, an clár do iompáil agus an béal fé.7. Ceathrar d'aon ainm fén gcorp chun é do thabhairt lasmuigh de dhoras.8. Duine a gheibheann bás amuigh ní tugtar isteach ina thigh féin é agus pé duine a bhíonn ag gabháil thar an áit ina bhfuair sé bás, caitheann sé cloch i dtreo na háite agus deireann sé an phaidir seo: -
"Mo chloch da leacht
Mo leasg in ionad
Beannacht Dé le hanmann mo athar is mo mháthar
Agus an té cailleadh san áit sin."9. Uisge a nigheann an corp - Is gnáthach é do choimeád istigh go dtí go mbíonn an corp curtha.Ó Phádraig Ó Súilleabháin, Milíní, Bunán.- Faisnéiseoir
- Pádraig O Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí