Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 191
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)14. Dá mbeirtidhe gamhain bán Lá Bealtaine deirtí gur rud mí-rathmhar é do choimeád mar aon leis a[n] máthair. Dá gcoinnítidhe an gamhain díolfaidhe a mháthair.15. Deirtí gur meathalughadh ar chapallaibh dhá shearrach [a] bheith ag láir.16. Níl sé ceaduighthe ag giolla nú treabhtaidhe dul treasna an chéachta.17. Nuair a chuireadh capall sraoth aisti caithtí seile uirti de ghnáth.18. Gan aon chos do chur ar ráin (=rámhain) istigh sa tigh.19.Gan ráin (=rámhain) ar do ghualainn do thabhairt isteach sa tigh.20. Nach ceart do dhuine truslóg do thógaint tar dhuine agus é sínte ar an dtalamh, agus dá ndeineadh é b'éigean do dul thar n-ais sa tslighe chéadna ar eagla ná bhfasfadh(???) sé a thuille.21. Nach ceart gan greas do bhualadh leis an loinithe agus an chuigionn ghá déanamh ar eagla go sciobfá an t-ím leat.Ó Phádraig Ó Súilleabháin, Milíní.
- Faisnéiseoir
- Pádraig O Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí