Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 195
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)48. Nach ceart do chosa do nigheadh ar lic an teinteáin.49. Nach ceart tú féin do bhearradh gan dul amach chun do aghaidh do nigheadh.50. Gan uaigh do leathadh Dia Luain.51. Nach ceart muinntir an choirp uaigh nó cómhra do dhéanamh. 52. Gan bó do bhualadh le buarach déanta de ghruaig.53. Pé duine a déarfadh ar dtúis gur piast a bhí leis an t-ainmhidhe(!) chaithfeadh a léine [do] bhaint de agus nai mbuillí do bhualadh don léine uirthi.55.(!) Gan aon talamh do romhar nú [do] dheargadh Lá Bealtaine.56. Nach cóir dul idir an teine agus an chuigionn á dheanamh.57. Nach ceart an láir dul abhaile leis an mbramach.58. Nach ceart corp nú seithe do chur ar láir go mbeadh siorrach innte.Ó Phádraig Ó Súilleabháin, Milíní.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig O Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí