Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 218
- XML “Píosa Filíochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Píosa filidheachta[1.] "Aifreann Dé ná héist le faillighe
Déirc le deagh-chroidhe deinidh
Mar mhaithfidh Mac Dé dhúinn go léir ár bpeacaidhe
Tar éis na haithrighe tháinig."2. Aifreann Dé na leog uait
Má is fliuch fuar bheas an mhaidean
Ar eagla ná mairfeá Dia Luain
Is gurab é an uaigh do leabaidh.3. Fadó nuair gheibheadh duine bás thagadh lucht caointe (daoine bochta) ar lorg déirce agus ba ghnáthach leo caoine do dhéanamh. Chaill minister (protustantach) mac agus tháinig bean chaointe chuige lá i ndiaidh na sochraide. Thug an minister dhá phinginn di agus seo mar do dhein sí an caoineadh: -"Mo ghrádh mo mhinister do thug an dá phinginn chun do leanbh do chaoineadh
Agus galar an leinbh sin ar an gcuid eile aca siar go heirbeall tímcheall."