Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 223](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0461%2FCBES_0461_223.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 223
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 223
- XML “Béasa an Tórraimh i mBunán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Pé duine a fhanann i bhfeighil an tighe ina raibh an tórramh is gnáthach leis nú leo an suidh[ea]chán (tsuidhchán sa lámhscríbhinn) agus rudaí eile a gcur i mbéal fé díreach agus muinntear na sochraide ullamh chun siubhal.
Nuair [a] shroiseann an [t]sochraid an roilig tógtar an chómhra ar ghualnaibh ceathrair chun dul tímcheall na roilige agus fágtar in aice an teampaill í tamall beag. Tógtar airís í, leogtar i mbéal na huaighe í. Léigheann an sagart paidreacha agus cuirtear an corp san uaigh. Dúntar annsan í agus nuair [a] bhíonn sí lán, cuirtear an rá[mha]n agus sluasad treasna na huaighe i bhfuirm croise agus cuireann na daoine paidreacha le hanam an duine agus filleann siad abhaile.
An culaith éadaigh a bhíodh ghá chaitheamh ag an duine a fuair bás, tugtar do dhuine eile é agus bíonn air nú uirthi an culaith do chaitheamh trí domhantaí i ndiaidh a chéile ag an aifreann (t-aifreann sa lámhscríbhinn).Ó Phádraig Ó Súilleabháin (fear an phuist), Milíní, Bunán- Faisnéiseoir
- Pádraig O Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí