Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 234
- XML “Obair na nDaoine Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuiridís na prátaí i slíghe eile leis. Dá mbeadh talamh (port) cuibheasach fliuch, fiadhán, lom [aca] dheinidís trínsí tríd agus [d']fhagadaois leithead iomaire eadtorra. Chuiridís na scailpeanna a bhainidís leis an ngafán in aon charnán amháin ins gach iomaire chun iad a thiormú, agus nuair [a] bhídís tir[i]m chuiridís tré theine iad, agus chaithidís an luaithreach ar na hiomairíbh ar an mbán. Thugaidís aoileach ar a ndromanna i gciseánaibh go dtí an port nú riasc, chuiridís na sciolláin (síol prátaí) ar na hiomairí agus an t-aoileach anuas orrtha. Dheinidís na trínsí do rómhar agus do bhriseadh agus chuiridís an chré anuas ar an aoileach le rámhainní. Dheinidís an t-aoileach do chlúdach go coitchianta agus is beag de úsáid a dheinidís de shluaistí in oibreacha na feirme an uair sin. Chonnaic mé an obair san á dhéanamh go minic suas le dathad blian ó shoin.Chuiridís mórán aoil leis na barraí fadó i mBunán. Bhí teineaoil ins gach baile fearainn agus thugadaois an chloch aoil ar dhromanna na gcapall ó Neidín chun í do dhóghadh. Bhíodh srathair (strathar sa lámhscríbhinn) ar gach capall, agus fráma adhmaid anuas air agus is mór an t-ualach a bheiridís sa bhaile leis na capallaibh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí