Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 256
- XML “Scéal Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal eileBhí fear ina chómhnuidhe leathmhíle ó mo thigh-se agus nuair a bhí sé óg cailleadh a mháthair. Oidhche amháin tar éis bháis a mháthar bhí sé ag déanamh meascán mearaidhe sa chistin i dteannta na bpáistí eile. Do labhair a n-athair leo, agus do labhair sé airís agus do bhagair sé an tslat orrtha acht pioc d'eagla níor chuir an fógra orrtha.
I ndeire na scríbe do phreab a n-athair ina sheasamh go hobann agus do rith na páistí annso is annsúd agus d'fhanadar socair go ceann tamaill eile. An fear gur innis an scéal dom rith sé isteach sa rúm -párlús- agus chuir sé a dhá láimh i gcoinnibh ursan an dorais agus é ag féachaint go hamhrasach ar a athair a bhí in aice na teineadh. Ní raibh aoinne eile sa seomra ach é féin, agus dubhairt sé liom gur cuireadh dhá láimh ar a dhrom agus gur caitheadh suas i lár na cisteanach é. Chuir an suathadh sin scannradh air agus d'fhan sé socair go deire na hoidhche. Tá an fear bocht sínte fén gcré le cúig bliana agus fear maith diagaighthe ab eadh é leis.Ó Chonchubhar Ó Séaghdha, Droim an Ghoirtín, Bunán.- Faisnéiseoir
- Conchubhar O Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Drom an Ghoirtín, Co. Chiarraí