Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 259
- XML “An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An drochshaoghalDo luigh an drochshaoghal go trom ar mhuinntir an cheanntair sin, agus d'airigheas go raibh a lán daoine ag fagháil bháis sara dtáinig an gábhtar i ndáiríribh. Bhí sluaighte daoine ina gcómhnuidhe i mBunán agus is fuirist d'aithint go raibh an sgéal amhlaidh mar is mó sean-fhothrach atá le feiscint san bparóiste. Tá baile fearainn - na Garránaibh (Guránaibh sa lámhscríbhinn)- annso agus bhí suas le deichneabhair is trí fichid ina gcómhnuidhe ann agus idir óg agus aosta níl acht deichneabhair ann fé láthair agus tá breis mhór is a ndóthain le déanamh aca chun maireachtaint ann gidh go bhfuil barraí maithe aca. Tá fothracha ins mórán áiteanna san bparóiste agus bhíodh mórán tighthe i dteannta [a] chéile de ghnáth ar nós sráidbhaile. Ar imeall feirme móire nú ar bhun na gcnoc bhídís agus samhluighim go mbíodh fear saidhbhir ina chómhnuidhe san áit ina bhfuil an tigh cómhnuidhthe fé láthair. Ach pé áit ina bhfuil fothrach níl ann ach an screathan garbh gorta agus gan ann acht aiteann, fraoch nú láthair. Tá cnocáin ar fuid na paróiste agus nuair [a] bhaintear an easair díobh chídhtear na hiomairí go soiléir ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig O Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí