Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)

Suíomh:
Na Tulacha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 269

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 269

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulca
  2. XML Leathanach 269
  3. XML “Éadaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Níl an túirne ag obair ins na thighthibh ach ag foth-dhuine. Táid ann fós acht ní dóigh liom go bhfuil sé igcumas na mban n-óg feidhm do bhaint asta. Bhí bean i Milíní -paróiste an Bhunáin- agus ba mhaith an sás í chun sníomh do dhéanamh agus dheineadh sí obair le haghaidh na bhfigheadóirí uaireanta. Níl sí ann anois mar d'imthigh sí go Sasana.
    Ní bhíonn na mná ag cniotáil fé mar [a] bhídís dachad blian ó shoin. Fiú amháin na stocaí le haghaidh na bhfear ceannuightear ins na siopaibh iad mar deirid "It wouldn't pay to make them". Ach pé áit ina mbíonn bean chríochnamhail bíonn na dealga cniotála aice i gcómhnuidhe.
    Seo iad na habairtí i dtaobh táilliúirí: -
    "Táilliúir, píobaire, agus gabhar
    Triúr is acruighe ar domhain."
    "Trí léim táilliúra."
    "Bean táilliúra agus bean tinncéara
    Sin beirt bhan ná réidhtigheann le chéile."
    Mé féin do sgríobh é seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge