Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 291
- XML “Cúram na gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)iachall air seasamh ar an aiteann chun "ochtóga" do dhéanamh de.Bhíodh na páisdí go léir cosnochtaithe ag teacht ar scoil an uair sin, acht anois bíonn bróga ar furmhór na bpáisdí sa gheimhreadh. Ach fós tá páisdí bochta a thagann ar scoil ar feadh an gheimhridh agus pé [a]ca sioc, sneachta nú leac oidhir ar an mbóthar ní ghoilleann siad orrtha. Tá buachaillí im' scoil féin agus gidh go bhfuil siad idir a naoi is aon bhliain déag thánadar ar scoil i rith an gheimhridh [a]
gha[i]bh tharainn gan bróga agus tá's ag gach éinne sa tír go raibh ár ndóthain seaca againne anuiridh. Páisdí na ndaoine mbocht[a] is eadh iad agus ní bhíonn mar breicfeást aca acht tae is arán gan im, ubh, subh nú aon annlan eile. Pé lóin a bheireann siad ón mbaile ar theacht ar scoil dóibh bíonn sé ithte sara mbíonn leath an tuiris curtha díobh. Ní bhíonn casóga móra orrtha ach chomh beag acht iad báidhte fuar fliuch go minic i rith na bliana. Tá casóga móra ag furmhór na bpáisdí acht dachad blian ó shoin ní raibh casóg mhór le feiscint i bpáirc na scoile seo nú b'fhéidir in aon scoil fán dtuaith agus dá dtagadh drochuain orrtha ar maidin tiormuigheadh a mbalcaisí roimh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donncad O Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 79
- Seoladh
- Duílios, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Murt O Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 94
- Seoladh
- Cill an Bhunáin, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig O Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Drom an Ghoirtín, Co. Chiarraí