Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 319
- XML “Scéal Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)léimt ar an gcapall ar an dtaobh thiar de. Dhein sí amhlaidh. Thosnuigh an fear ag cainnt ach is beag a brígh ar a bhriatharaibh.Tá casán garbh ag dul ón mbóthar tríd an gcnoc ar an dtaobh thoir den bhfuathchais agus nuair [a] bhíodar i ngiorracht péirse ón áit sin, léim sí anuas ar an mbóthar agus suas an cnoc léi gan oiread is aon fhocal d' rádh.Lean an fear i dtreo na fuathchaise [í] acht díreach agus é ag a béul do bhéic leanbh istigh agus nuair [d'] airigh an capall an fothram uathbhásach do chuir sí stailc uirthi féin. D'iompaigh sí ar an mbóthar, thug an fear a aghaidh ar an bhfuathchais arís acht d'airigh sé béic eile agus ní chuirfeadh an capall cos thar chois eile.Sa deire b'éigean do dul go sean-tigh a bhí lámh leis an áit agus fanacht ann go breacadh an lae. Annsan chuaidh sé abhaile agus díreach agus é ag déanamh ar a thigh féin d'innseadh dó go raibh an bhean a bhuail uime an oidhche roimhe sin tar éis báis d'fháil.
- Faisnéiseoir
- Domhnal O Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Doire na Cathrach, Co. Chiarraí