School: Cuileannach (C.) (roll number 2708)
- Location:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chochláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cuileannach (C.)
- XML Page 325
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1)
Tobairín fíor-uisge as gior bharr an t-sléibhe.
Fuinneóigín gloine, agus doraisín cré air?
Freagra:- Súil.
2)
Is chruinne é ná do cheann, is fiude é ná na mílte.
Freagra:- Cartlín snáite.
3)
Cím 'na shuidhe 'na sheasamh, chímh ar bhláth an aitinn.
Ceó na drucht ní leaghfann sé, as ní stadann sí de shíor? Freagra:- An Gealach.
4)
Lúibín ó Luibh. Giolláin ó ghill, fear ag scéil gan féith, gan fhuile é? Freagra:- leitir.
5)
Caith mé suas é, cómh bán le h-eala, agus tháinigh sé anuas chómh bhuidhe le h-ór? Freagra:- Ubh.
6)
Cé'n chuid is aoirde de'n bhó? Freagra:- A géim.
7)
Uisge guirt gan salann gan sáile?
Freagra:- Deóracha do súl.
8)
Ritheas agus fhuaireas. Cuardhuigheas agus ní bhfuaireas. Dá bfághann é, ní thabhrann liom é. Ní fhuaireas agus thugas liom é? Freagra:- Dealg.
9)
Címse é, agus ní fheichir-se é, agus is goire duit-se ná dhómh-se? Freagra:- Cúl do chínn.
10)
Tá sé shoir is tá sé shiar is tá sé i ngháirdín sa Blá Chliath. Is mó a grim ná greim chapall, is ní itheann sí aon bhíadh? Freagra:- Speal.(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Chobhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí
- Informant
- Seamus Ó Cobhthaigh
- Gender
- Male
- Address
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí